Freagraíodh do cheisteanna
Faigh freagraí ar na ceisteanna a chuirtear go minic faoi Lár Bailte ar dTús.
Aithnítear sa pholasaí Lár Bailte ar dTús go mbaineann na tréithe seo a leanas le háiteanna atá rathúil:
- Tá ríocht phoiblí tharraingteach acu (sráideanna, spásana agus páirceanna) a dheartar chun daoine a mhealladh chun bualadh le chéile, seal a chaitheamh ann, agus cónaí ann;
- Bíonn éagsúlacht seirbhísí/siopaí ann a chuireann deiseanna fostaíochta ar fáil, a chuireann ar chumas daoine a siopadóireacht a dhéanamh go háitiúil agus a chomhlíonann riachtanais an phobail áitiúil;
- Cuireann siad raon spásanna cultúrtha, caithimh aimsire agus pobail ar fáil (agus san áireamh leis sin bheadh scóip d’imeachtaí tréimhsiúla agus d’fhéilte) a thugann an pobal le chéile agus a mheallann cuairteoirí/turasóirí;
- Tá foirgnimh ann a ndéantar cothabháil mhaith orthu, atá tarraingteach don tsúil agus a thugann beocht do shráideanna agus do spásanna;
- Caomhnaítear, cóirítear agus tarraingítear aird ar fhoirgnimh stairiúla a thugann féiniúlacht don bhaile;
- Áiteanna bríomhara tarraingteacha atá iontu d’fhiontair lonnú agus forbairt;
- Bíonn siad nasctha go maith le móid inbhuanithe iompair, agus inrochtana do na móid sin, rud a ligeann do sciar maith turas a dhéanamh ón gcúlchríoch in aice láimhe ar shiúl na gcos agus/nó ar rothar (e.g. coincheap an ‘baile 10 nóiméad’);
- Bainistítear trácht laistigh de na limistéir lárnacha le go dtabharfaí tús áite d’úsáideoirí leochaileacha (coisithe agus rothaithe), rud a chuirfidh ar a gcumas gluaiseacht ó áit go háit go sábháilte;
- Cuirtear meascán tíopeolaíochtaí agus tionachtaí tithíochta ar fáil chun freastal ar phobail atá éagsúil ó thaobh aoise de, ioncaim agus soghluaisteachta;
- Úsáideann sé teicneolaíocht dhigiteach chun cur leis an eispéireas maireachtála agus oibre i mbailte, rud a éascóidh níos mó roghanna maidir le suíomh agus stíleanna maireachtála;
- Cuireann sé deiseanna ar fáil a fhéachann do thaitneamhacht, sláinte agus leas cónaitheoirí, oibrithe agus cuairteoirí.
An aidhm atá ag an bPlean Lár Bailte ar dTús pobail áitiúla agus gnóthaí a chumhachtú trí oibriú i gcomhar leis na hÚdaráis Áitiúla chun na láidreachtaí agus sócmhainní atá ag a mbaile cheana féin a uasmhéadú.
Tá an cur chuige seo atá faoi stiúir ag plean dírithe ar:
- Comhoibriú agus cumarsáid – próiseas comhoibríoch a bhfuil gach páirtí leasmhar áitiúil páirteach ann agus ina mbíonn cumarsáid mhaith maidir leis na saincheisteanna a bhíonn i gceist, agus an cur chuige atá le glacadh;
- Tuiscint ar an áit – úsáid bainte as an bpróiseas Comhoibritheach Seiceála Sláinte Lár Bailte chun anailís agus breithmheas a dhéanamh. Cabhróidh an bonnlíne eimpíreach sin monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairt lár an bhaile, agus an fhorbairt sin a éascú agus ba cheart go mbeadh san áireamh leis: suirbhéanna ar úsáid talún chun rátaí folúntais sa bhaile a dhearbhú, suirbhéanna ar mhiondíoltóirí chun na leibhéil reatha gníomhaíochta tráchtála, agus an léargas trádála, a dhearbhú, áirimh Coisithe chun líon na ndaoine a thugann cuairt ar lár an bhaile a dhearbhú chomh maith le múnlaí bailithe sonraí níos leithne cosúil le treoirphleananna do bhailte digiteacha a chabhróidh linn tuiscint níos fearr a fháil ar ár mbailte.
- An áit a shainmhíniú – an plean a mhúnlú i gcomhthéacs cuspóirí ardleibhéil a thaispeántar trí réimse gníomhartha
- An áit a chumasú – bealach soiléir a aithint chun an Plean a chur i gcrích, ach a bheith tuisceanach ar na gníomhartha, idir bheag agus mhór, a bheidh le cur i gcrích ag comhpháirtithe éagsúla
Is ionann Foireann Baile Lár Bailte ar dTús agus grúpa daoine áitiúla, daoine ón earnáil ghnó, ionadaithe pobail agus páirtithe leasmara eile a théann i bpáirt le chéile chun feabhas a chur ar a gceantar féin. Tagann siad ó earnálacha agus ó chúlraí éagsúla agus tugann an próiseas seo deis dóibh a bheith ina ‘saineolaithe áitiúla’ ar a gceantar agus a bheith chun tosaigh maidir le forbairt idirghabhálacha a d’fhéadfadh a bheith chun leasa an bhaile san fhadtéarma.
Tá Oifigigh Athghiniúna Baile (TRO) ag gach Údarás Áitiúil agus feidhmíonn siad mar phríomhtheagmhálaí idir an tÚdarás Áitiúil agus na Foirne Baile. Tugann an TRO treoir don Fhoireann Baile chun an polasaí Lár Bailte ar dTús a chur i gcrích agus, ar deireadh, foinsí féideartha maonithe a aithint, agus rochtain a fháil orthu. Tacaíonn an TRO leis na Foirne Baile áitiúla trí acmhainn an phobail a fhorbairt agus tríd an bPlean Lár Bailte ar dTús a fhorbairt agus a sheachadadh do gach baile. Is cuid de líonra náisiúnta an TRO chomh maith a thacaíonn le forbairt eolais agus le dea-chleachas a roinnt ag leibhéal náisiúnta.
Cuireadh Oifig Náisiúnta Lár Bailte ar dTús ar bun chun an polasaí Lár Bailte ar dTús a chur i bhfeidhm agus déileáil leis an raon gníomhartha dá dtagraítear sa doiciméad polasaí, a n-áirítear leo sin:
- Tacú le líonra comhoibríoch TCF Náisúnta chun comhsheasmhacht agus dea-chleachtas a chinntiú agus an polasaí TCF á chur chun feidhme
- Sraith uirlisí náisiúnta chun tacú le forfheidhmiú an Pholasaí TCF trí raon samplaí den dea-chleachtas a chur ar fáil, mar aon le heolas faoi na hacmhainní atá ar fáil chun an forfheidhmiúchán a threorú
- Foinsí sonraí feabhsaithe a chur ar bun, mar aon le riachtanais tomhais sainmhínithe agus taighde maidir le hanailís costais is tairbhe gníomhartha
- Plean Forfheidhmiúchain Bliantúil a chur i dtoll a chéile chun forfheidhmiú an phlean ag an leibhéal naisiúnta a threorú agus chun monatóireacht a dhéanamh air trí Thuairiscí rialta ar Dhul Chun Cinn.
Is lárphointe an Oifig chun rannpháirtíocht idir páirtithe leasmhara maidir le Lár Bailte ar dTús a chomhordú agus chun ionchur a dhéanamh d’fhorbairt polasaí náisiúnta maidir le hathghiniúint lár bailte.
Bunaíodh Grúpa Náisiúnta Maoirseachta agus Comhairleach (NOAG) chun an próiseas seachadta a threorú, agus chun monatóireacht a dhéanamh air agus chun fóram roinnte a chur ar fáil don Rialtas agus páirtithe leasmhara náisiúnta. San áireamh leis an nGrúpa tá Ranna Rialtais, an earnáil Rialtais Áitiúil, gníomhaireachtaí a bhfuil ról lárnach acu tacú le bailte, saineolaithe eile, mar aon le hionadaithe earnála, gnó agus pobail. Cuireann NOAG an t-eolas is nuaí ar fáil don Oifig Náisiúnta Lár Bailte ar dTús agus faigheann treoir uaidh.