Maidir le Lár an Bhaile Ar dtús

Fís dár mBailte

Táimid bródúil as ár mbailte móra agus ár sráidbhailte. Is áit ar leith é gach baile agus is orthu a mhaireann geilleagair áitiúla agus iad mar thaca do ghnólachtaí agus deiseanna fostaíochta á gcruthú iontu. Cuireann bailte móra agus sráidbhailte seirbhísí tábhachtacha riaracháin, sóisialta, pobail agus áineasa ar fáil. Tacaíonn siad le cnuasaigh de sheirbhísí áitiúla, is iontu a fhaightear sciar suntasach de bhailte agus de phoist agus iad ag feidhmiú mar mhoil iompair. Faoi scáth Thús Áite do Lár an Bhaile agus trí mhionphlé a dhéanamh le pobail na n-áiteanna sin, is féidir le Údaráis Áitiúla tacú le straitéisí um fhorbairt áitiúil atá curtha in oiriúint do bhailte móra na hÉireann.

Cur i gCrích go hÁitiúil

Féachann sé le bonn a chur faoi gach baile le go mbeidh pobal na háite in ann a mbealach féin chun forbartha a leagan amach faoi stiúir plean. Bainfear leas as an bplean TCF saincheaptha le hé seo a chur in iúl, plean a mbeidh breithmheas grinn ar bhuanna na háite agus na dúshláin atá roimpi mar bhonn agus mar thaca faoi. Agus iad mar chuid d’fhoireann an Bhaile, is iad pobal agus gnólachtaí na háite a chuirfidh dlús faoin bplean TCF seo agus Oifigigh um Athnuachan Baile mar aon le saineolas teicniúil le fáil i ngach Údarás Áitiúil le tacú leo.

An Próiseas

Leagann an cur chuige TCF béim ar:

Obair i gcomhar agus cumarsáid – próiseas comhoibríoch ina mbeidh gach páirtí leasmhar páirteach ann, Foireann Baile mar ionadaithe sa phróiseas seo agus plé éifeachtach ar siúl eatarthu maidir leis na saincheisteanna a thagann chun cinn agus an treo inar cheart dul, dar le cách

Tuiscint a fháil ar an áit – anailís agus measúnú a dhéanamh a mbeidh iniúchadh ar an mbaile / próiseas bailiú sonraí mar bhonn agus mar thaca faoi

An áit a shainiú – an plean a mhúnlú timpeall cuspóirí ardleibhéil a chuirtear i gcrích ina dhiaidh sin trí shraith de ghníomhartha

An áit a chumasú– bealach soiléir a shainiú chun an Plean a chur i gcrích chomh maith le féachaint chuige go dtuigeann gach duine go mbeidh gá le páirtithe éagsúla chun gníomhartha idir bheag agus mhór a chur i gcrích.

play

Cistiú

Agus na hidirghabhálacha a sainaithníodh ina bPlean Tús Áite do Lár an Bhaile saincheaptha á gcur i gcrích acu, beidh clár infheistíochta spriocdhírithe mar thaca ag bailte móra. I measc na scéimeanna tá [Ciste um Athghiniúint agus um Fhorbairt Uirbeach, Ciste um Athghiniúint agus um Fhorbairt Tuaithe; Scéim um Athnuachan Bailte & Sráidbhailte] agus Ciste nua [Croí Cónaithe (Bailte); Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa] cláir chistiúcháin a thabharfaidh tús áite do bheartas Thús Áite do Lár an Bhaile a chur i gcrích.

Creat Náisiúnta

  • Líonra náisiúnta d’Oifigigh um Athnuachan Baile a bhaineann feidhm as cur chuige comheagraithe i leith cur i gcrích ar fud na tíre agus a fheidhmíonn mar fhóram chun dea-chleachtas a chomhroinnt.
  • Feabhsóidh sonraí níos fearr ár dtuiscint ar bhailte móra na hÉireann agus úsáidfear iad chun bonn fianaise a chur i dtoll a chéile chun leanúint de Thús Áite do Lár an Bhaile a fhorbairt ar bhonn leanúnach.
  • Cuirfidh Clár Méadaithe um Iniúchadh ar Bhaile leis an rath atá ar mhúnla an Scrúdaithe Sláinte ar Lár an Bhaile de chuid na Comhairle Oidhreachta go dtí seo.
  • Is bealach é cláir um Chothú Cumais le cur le scileanna agus le hinniúlachtaí na bhFoirne Baile agus le hiad a chumasú chun nithe a chur i gcrích go héifeachtach.
  • Cuireann an Oifig Náisiúnta um Thús Áite do Lár an Bhaile dlús faoin ngníomhartha Thús Áite do Lár an Bhaile agus déanann sí rannpháirteachas le páirtithe leasmhara a chomhordú ar bhonn náisiúnta agus ar fud na hEarnála Rialtais Áitiúil.
  • Grúpa Maoirseachta agus Comhairleach Náisiúnta le monatóireacht a dhéanamh ar an gcaoi ina gcuirtear Tús Áite do Lár an Bhaile i gcrích agus é a threorú le go mbeidh gach duine dírithe ar na nithe céanna agus ag obair as lámha a chéile ar fud an Rialtais.