Ráiteas Inrochtaineachta

I Town Centre First, táimid tiomanta go daingean d’inrochtaineacht. Táimid tiomanta do chinntiú go bhfuil ár suíomh Gréasáin inrochtana go hiomlán ag cách, i gcomhréir le Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchláir Soghluaiste Comhlachtaí Earnála Poiblí) 2020. Baineann an ráiteas inrochtaineachta seo le www.towncentrefirst.ie and www.tcf.ie

Bímid i gcónaí ag feabhsú eispéireas an úsáideora do chách agus ag cloí leis na caighdeáin inrochtaineachta riachtanacha.

Ár Stádas Inrochtaineachta

Féachann ár suíomh Gréasáin le caighdeán 2.1 leibhéal AA um Threoirlínte maidir le hInrochtaineacht ábhair ar an nGréasán a bhaint amach. Cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta againn, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil réimsí ann ina bhfuilimid fós ag obair chun comhlíonadh iomlán a bhaint amach. Baineann na heilimintí neamhchomhlíonta seo le doiciméid PDF áirithe faoi láthair. Tá ár bhfoireann i mbun athbhreithnithe agus ag iarraidh inrochtaineacht na gcáipéisí sin a fheabhsú, agus tá sé mar aidhm againn na saincheisteanna seo a réiteach chomh tapa agus is féidir.

Séanadh maidir le Naisc Sheachtracha

Tabhair faoi deara go bhféadfadh naisc le láithreáin ghréasáin sheachtracha nach bhfuil smacht againn orthu a bheith ar ár suíomh Gréasáin. Níl Town Centre First freagrach as beartais príobháideachais ná as ábhar na suíomhanna gréasáin seachtracha seo.

Aiseolas agus Cúnamh

Tá d’aiseolas fíor-luachmhar dár dtiomantas leanúnach d’fheabhsú inrochtaineachta. Má thagann tú ar aon ábhar ar ár suíomh Gréasáin, nach féidir leat é a úsáid toisc nach bhfuil sé inrochtana, déan teagmháil linn le do thoil. Déanfaimid gach iarracht freastal ar do riachtanais ar bhealaí eile.

Sonraí Teagmhála maidir le hÁbhair Imní faoi Inrochtaineacht:

  • Seoladh: Oifigeach Inrochtaineachta, an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil, Teach Rialtais Áitiúil, 35-39 Cé Uiséir, Baile Átha Cliath 8 D08 H56R.
  • Guthán: 01-6332200
  • Ríomhphost: [email protected]

Táimid fíor-bhuíoch as bhur gcomhoibriú agus bhur dtuiscint agus muid ag iarraidh feabhas a chur ar inrochtaineacht ár suíomh Gréasáin agus eispéireas cuimsitheach ar líne a sholáthar do chách.