An Tulach
Daonra: 5,138 (Daonáireamh 2022)
Agus é suite in oirthuaisceart Chontae Cheatharlaigh, is ‘Baile Dúiche’ é baile na Tulaí atá suite níos lú ná 50km siar ó dheas ó Chill Chainnigh, 16km thoir theas de Bhaile Ceatharlaigh agus 80km thiar theas de Bhaile Átha Cliath. Mar bhaile margaidh, tá bonn láidir fostaíochta agus seirbhísí sa Tulach lena bhfreastalaítear ar na ceantair máguaird, lucht tionscail agus seirbhísí talmhaíochta san áireamh.
Pleananna & Foilseacháin


Is sampla é an Tulach de mhainistir a bunaíodh roimh theacht na Normannach agus a ndearnadh baile Angla-Normannach as ina dhiaidh sin. Tá an caisleán agus an Mhainistir a bhíodh ann tráth suite i ndeisceart an bhaile ar bhruach theas na Sláine. Tá scéal oidhreachta bhaile na Tulaí le sonrú i bpatrún shráideanna agus fhoirgnimh an bhaile mhóir dhea-thógtha a théann siar go dtí an t-ochtú haois déag agus áit an mhargaidh feiceálach ann. Tá an oidhreacht thógtha luachmhar a bhaineann leis an Tulach le sonrú sna foirgnimh stairiúla agus na Déanmhais atá Faoi Chosaint atá le feiceáil sa bhaile mór sin.
Ba thábhachtach an tsaíocht agus an t-eolas áitiúil a fuarthas ó phobal na Tulaí le tuiscint a fháil ar an áit agus a Plean Thús Áite do Lár an Bhaile a fhorbairt. Ba den ríthabhácht é don phróiseas an chaoi ina n-oibríodh i gcomhar le páirtithe leasmhara áitiúla agus le pobal na Tulaí agus an plé a rinneadh leo. I measc na dTéamaí a cuireadh i láthair i bplean na Tulaí bhí an Timpeallacht, an Geilleagar, Gluaiseacht agus Leagan Amach Uirbeach. Is de réir téama a chuirfear cuspóirí agus torthaí i láthair.