Áth na nUrlainn
Daonra: 1,196 (Daonáireamh 2022)
Tá Áth na nUrlainn suite i gcúinne thiar thuaidh Chontae Chill Chainnigh, gar don teorainn le Contae Thiobraid Árann. Tá comhthéacs Áth na nUrlainn uathúil. Ar scála náisiúnta, tá an Baile suite i suíomh straitéiseach “leath bealaigh idir Baile Átha Cliath agus Corcaigh”. Ar feadh na mblianta fada, bhí an baile ina ionad scíthe “nádúrtha” do dhaoine a bhí ag taisteal ó Bhaile Átha Cliath go deisceart na tíre.
Pleananna & Foilseacháin
Ó osclaíodh an M8 in 2010, tá laghdú tagtha ar ‘thréthrácht’ sa ar an mBaile, rud a fhágann gur tháinig athrú ar an tairiscint mhiondíola laistigh de chroílár an bhaile. Tá Áth na nUrlainn suite in iarthar an Chontae, in áit inrochtana thart ar 750m ó Acomhal 4 de Mhótarbhealach an M8. Tá an baile suite timpeall 22 km ó Chathair Chill Chainnigh, 15 km ó Dhurlas, 128 km ó Chathair Bhaile Átha Cliath agus 129 km ó Chathair Chorcaí.
Tá na hOileáin suite siar ó thuaidh den Bhaile lasmuigh de Mhótarbhealach an M8. Roimhe seo bhí an ceantar coillteach ina chuid de chonair a thosaigh ag Leabharlann Áth na nUrlainn.
I measc na dtionscal tosaigh ar an mbaile ón 19ú hAois bhí déantús olla, drioglann agus teach braiche. Tógadh an chuid is mó d’fhoirgnimh an bhaile sa chuid dheireanach den 18ú haois agus go luath sa 19ú haois – a fhreagraíonn go garbh don tréimhse Sheoirseach.
Tá an Baile tógtha ar shuíomh réidh – portach gearrtha. Tá foinse na Gaibhle, ar mionfho-abhainn den Fheoir í, i Sliabh Ardach, timpeall 6 chiliméadar ó dheas ó Áth na nUrlainn. Téann sí isteach sa bhaile ó theas, téann sí faoin bPríomhshráid agus casann sí soir ansin go dtí imeall thuaidh an bhaile, ag dul faoin droichead ag an gCaisleán.
Mar gheall ar shuíomh réigiúnach buntáisteach an bhaile, ar naisc láidre trí bhonneagar iompair, agus ar oidhreacht shaibhir shóisialta, thionsclaíoch agus chultúrtha, aithnítear Áth na nUrlainn mar dheis uathúil agus spreagúil chun a fhorbairt agus a chumas a chur chun cinn tuilleadh.
Bhí Tús Áite do Lár an Bhaile seo ag brath ar chumarsáid agus ar chomhordú éifeachtach ag gach céim den fhorbairt dearaidh. Bhí comhairliúchán le cónaitheoirí agus le páirtithe leasmhara an bhaile mar chuid de phróiseas ‘comhdhearaidh’ ríthábhachtach do rathúlacht an tionscadail seo, lena n-áirítear Cruinnithe na gCeantar Bardasach, rannpháirtíocht leanúnach le Foireann Bhaile Áth na nUrlainn agus imeachtaí ceardlainne do pháirtithe leasmhara.