Lusca
Daonra: 8,806 (Daonáireamh 2022)
Is baile faoi bhláth é Lusca i bhFine Gall, é tuairim is 20km ar an dtaobh thuaidh de Lár Chathair Bhaile Átha Cliath. Agus tábhacht náisiúnta leis, téann a chroílár siar go ré na meánaoise agus é ar cheann de na lonnaíochtaí eaglasta is ársa agus is suntasaí ar chósta oirthuaisceart na hÉireann. Maidir le hé a fhorbairt amach anseo, is den ríthábhacht é oidhreacht an bhaile a chaomhnú agus a fheabhsú. Tá an baile ag feidhmiú mar lonnaíocht tuaithe thábhachtach ón gcúigiú haois i leith agus é mar ionad uirbeach do chúlchríoch tuaithe nach beag. Tá neart fostaíochta le fáil i Lusca, stoc tithíochta de chineál maith, gan mórán tithe folmha ann agus réimse leathan de ghrúpaí sóisialta, cultúrtha, agus spóirt ag baint tairbhe as.
Pleananna & Foilseacháin


Le go mbeidh sé inmharthana agus faoi bhláth, caithfidh Lusca an-leas a bhaint as a chuid shócmhainní agus acmhainní uathúla, nuálaíocht agus obair i gcomhar á gcur chun fónaimh aige le go mbeadh pobal na háite éagsúil ó thaobh aicmí sóisialta de amach anseo, spleodar gheilleagrach a bheith ag baint leis mar áit agus é inbhuanaithe lena chois. Le go gcothaítear an pobal ann ach go mealltar scileanna, fuinneamh agus acmhainní nua chuige ag an am céanna.
I gcomhair an Phlean Thús Áite do Lár an Bhaile seo, chuir Foireann Bhaile Lusca trí Ghrúpa Crainn Taca ar bun; an Crann Taca Pobail, an Crann Taca Gnó & Geilleagair agus an Crann Taca Ríochta Poiblí & Gníomhaithe ar son na hAeráide. Tá na grúpaí seo tar éis obair i ndlúthchomhar le páirtithe leasmhara lena dtuairimí a fháil faoi gach gné den Phlean uaillmhianach seo.
Is údar mór dóchais do thodhchaí Lusca é an méid ceannaireachta agus fuinnimh atá léirithe agus an méid plé atá déanta go dtí seo. Is baile ag dul i líonmhaire é Lusca agus neart daoine óga i measc an daonra ann. Tá na grúpaí pobail i Lusca ag caitheamh a ndúthrachta le caighdeán beatha den scoth a bhaint amach do gach duine sa bhaile. Tá an uaillmhian sin le sonrú sa Phlean Thús Áite do Lár an Bhaile – Lusca i gComhair Gach Céim den Saol – agus fónfaidh na bearta a leagtar amach sa phlean do lár bhaile Lusca a athnuachan, do bhonn láidir a chur faoi agus do bheocht nua a chur san áit.
Leagtar amach sa Phlean straitéisí soiléire agus gníomhartha inbhainte amach le lár an bhaile a dhéanamh níos tarraingtí mar áit le bheith i do chónaí ann, le hoibriú ann, le bualadh le chéile ann, le seal a chaitheamh ann, le teacht le chéile ann agus le bheith i mbun gnó ann. Díríonn sé ar phobal níos dlúithe a chothú go háitiúil agus ar thaitneamhachtaí a fhorbairt, chomh maith le tacú le gnólachtaí atá ann cheana féin, an bealach a réiteach d’fhiontair nua, feabhas a chur ar an ríocht phoiblí, agus spásanna nach mbaintear dóthain úsáide astu a fhorbairt.
Maidir le Foireann an Bhaile agus pobal na háite, tá an dúil agus an dúthracht léirithe acu is gá chun caighdeán na beatha a fheabhsú do gach duine atá ag cur fúthu i Lusca. Agus tacaíocht agus treoir á bhfáil acu ón Údarás Áitiúil, is féidir leo a n-uaillmhianta do Lusca a bhaint amach.