Mainistir na Féile
Daonra: 2,206 (Daonáireamh 2022)
Is gnáthbhaile margaidh Éireannach é Mainistir na Féile, atá suite ar an teorainn idir Luimneach agus Ciarraí, ar Bhealach Náisiúnta an N21, timpeall 65km siar ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tagann abhantracha na Féile agus an Ullacháin le chéile ar an mbaile, atá suite ag bun Mhullach an Radhairc. Forbraíodh foirm uirbeach an bhaile i nádúr líneach a shíneann feadh an Bhóthair Náisiúnta (N21) agus an Bhóthair Réigiúnaigh (R524).
Pleananna & Foilseacháin
Is gnéithe tábhachtacha iad Cearnóg an bhaile, an Fhéil agus lár an bhaile lena sráid-dreacha traidisiúnta maidir le comhdhéanamh cuma fhisiciúil an bhaile. Soláthraíonn an baile áiseanna tábhachtacha cathartha don cheantar tuaithe máguaird lena n-áirítear scoileanna, leabharlann agus séipéal.
Tá foirgnimh dhá agus trí stór ar shráideanna Mhainistir na Féile agus tá Cearnóg an Bhaile mar phointe fócasach an bhaile. Is de bhunús an naoú haois déag agus tús an fichiú haois an chuid is mó de stoc foirgneamh an bhaile agus tá roinnt foirgneamh suntasach ann, lena n-áirítear: Óstán Leen, an seanchlochar agus seanfhoirgnimh phictiúrlainne.
Fuair an Baile a ainm ó Mhainistir Chistéirseach a bunaíodh i Mainistir na Féile in 1188 agus ón bhFéil atá in aice léi. Forbraíodh an lonnaíocht ina dhiaidh sin mar bhaile margaidh tábhachtach, ionad cathartha riaracháin agus ionad lóistíochta do chóistí agus d’iompar iarnróid sna 1800í. Osclaíodh an líne iarnróid in 1880 agus bhí gnó agus trádáil ghaolmhar, mar thithe tábhairne, óstán, seirbhísí airgeadais, agus agra-ghnó ag feidhmiú ar an mbaile agus ag freastal ar a chúlchríoch talmhaíochta.
Ó thús an 19ú haois, d’fhás tábhacht Mhainistir na Féile agus méadaíodh é mar bhaile margaidh agus mar ionad tráchtála. Chuir an geilleagar bríomhar le mionsonraí ailtireachta Stucco le Pat McAuliffe (plástrálaí agus tógálaí áitiúil Lios Tuathail) atá le feiceáil ar go leor d’fhoirgnimh Mhainistir na Féile.
Faoin 20ú haois, leanadh le leathnú an bhaile, agus gnólachtaí mar an tIonad Déantúsaíochta Mart agus Kostal suite ar imeall an bhaile. Faoi lár go deireadh an 20ú haois, forbraíodh eastáit tithíochta ar an mbaile chun freastal ar dhaonra a bhí ag dul i méid. Le fiche bliain anuas d’fhorbair an pobal áitiúil páirc mhór phobail ar imeall an bhaile. Tugann forbairt Ghlasbhealach Luimnigh ó thuaidh de Mhainistir na Féile go leor deiseanna don bhaile chun bonn turasóireachta a fhás in Iarthar Luimnigh.
Is iad muintir Mhainistir na Féile an acmhainn is mó atá aige. Tá braistint láidir mhuintearais agus phobail an-tábhachtach do mhuintir an bhaile. Bhí Foireann an Bhaile i Mainistir na Féile bunúsach maidir le Plean Thús Áite do Lár an Bhaile a chur le chéile. Déanann Foireann an Bhaile ionadaíocht ar thrasghearradh ilghnéitheach den phobal agus tá sí tiomanta do na tionscadail ardcháilíochta a shainaithnítear sa phlean a sheachadadh, a dhéanfaidh áit iontach de Mhainistir na Féile le hoibriú ann, le cur fút ann agus le cuairt a thabhairt air.