Port Lách

Daonra: 1,881 (Daonáireamh 2022)

Áit uathúil is ea Port Lách, Contae Phort Láirge. Ba iad muintir Malcomson a dhear an baile in 1841, agus na 6 shráid is sine ag tosú ó chearnóg lárnach. Tá dearadh faoi leith ag na tithe ar na sráideanna sin agus níl a leithéid ar fáil áit ar bith eile in Éirinn, ná thar lear, seans. Tá cónaí ar bheagnach 2000 duine ann, agus iad an-bhródúil as a mbaile, agus fís uaillmhianach acu dá thodhchaí.

Pleananna & Foilseacháin

    Town Plan Being finalised

Tá 4 limistéar coillearnaí ar leith mórthimpeall Phort Lách agus iad bainteach le hEastát an Churraigh Mhóir, mar a bhí, agus le foraoiseacht tráchtála atá á bainistiú ag Coillte. Rochtain theoranta atá ag muintir na háite orthu, ach tá go leor féidearthachtaí ann don todhchaí. Tá Port Lách suite ar bhruach abhainn na Clóidí agus í ag déanamh a bealach soir i dtreo na Siúire. Tá stráice canála nach bhfuil úsáid á baint aisti le fada in aice láimhe, agus baint aici le stair thionsclaíoch an bhaile.

Bunaíodh Port Lách mar ‘Bhaile Eiseamláireach’ agus aitheantas á thabhairt ann do luachanna Chumann na gCarad a bhí ag fear tógtha na monarchan chadáis, an tionsclaí David Malcomson. Tá macasamhail na físe láidre sin i Ráiteas Físe Lár Bailte ar dTús ina dtugtar cuireadh don phobal tarraingt an athuair ar an uaillmhian sin, leas a bhaint as acmhainní suntasacha an bhaile agus áit den scoth a dhéanamh as Port Lách dóibh siúd a chónaíonn agus a oibríonn ann.

“Nuair a leagadh amach na pleananna do Phort Lách, ar céad bhaile eiseamláireach na hÉireann é, agus údar ionspioráide do go leor, féachadh leis an mbaile is fearr agus is féidir a thógáil do na daoine a chónódh ann agus a d’oibreodh ann. Áit speisialta is ea Port Lách a bhfuil a scéal féin aige, sráideanna uathúla, uiscebhealaí agus coillearnacha. Féachaimid siar inniu agus bród orainn, agus chun cinn go muiníneach agus muid ag tarraingt ar uaillmhian cheannródaíoch Phort Lách don bhaile féin agus dá mhuintir.”