Droichead Abhann Ó gCearnaigh
Daonra: 2,832 (Daonáireamh 2022)
É suite i mórcheantar Luimnigh-na Sionainne agus é comhfhad ó Luimneach agus ó Inis, tá nasc díreach iarnróid idir Droichead Abhann Ó gCearnaigh agus an dá bhaile mhóra seo. Sníonn Abhainn Ó gCearnaigh trí chroílár an bhaile mhóir seo.
Pleananna & Foilseacháin
Bunaíodh Droichead Abhann Ó gCearnaigh sa 17ú haois mar bhaile plandála agus ba lárionad é le fada an lá ina raibh roinnt tionscal lonnaithe ann amhail an tsúdaireacht agus déantúsaíocht bróg. Tá sé suite laistigh de Limistéar Caomhantais Ailtireachta agus neart foirgneamh ann atá tábhachtach ó thaobh na staire de. Tá sainghné thógtha dá cuid féin ag Droichead Abhann Ó gCearnaigh agus í le sonrú sna foirgnimh chloiche, slinne agus aolchloiche. Tá rochtain ar na foirgnimh chéanna suas céimeanna suntasacha ó shráideanna atá ag dul le fána.
Tá Droichead Abhann Ó gCearnaigh ar na bailte móra is mó fás i Contae an Chláir agus daonra de 3,962 ina gcónaí ann faoi láthair. Maidir le riachtanais mhiondíola agus phobail mhuintir na háite, tá siopaí agus saoráidí ann le freastal orthu siúd. Tá deis le tapú sa Phlean Thús Áite do Lár Bhaile Dhroichead Abhann Ó gCearnaigh maidir le cabhrú le fás a bhainistiú ar bhealach pleanáilte agus le cinntiú go ndéantar an infheistíocht is gá ar chaighdeán an chomhshaoil, na n-áiseanna poiblí agus na seirbhísí chomh maith le hiad a fheabhsú a oiread agus is gá. An iarracht seo go léir lena chinntiú go bhfreastalaítear ar riachtanais an daonra áitiúil atá ag dul i líonmhaire.
Tháinig an plean seo ar an bhfód de bharr an phlé bhisiúil a rinneadh idir Comhairle Contae an Chláir agus pobal Dhroichead Abhann Ó gCearnaigh. Bhí lámh mhór ag pobal na háite sa tionscadal agus tá siad tiomanta d’obair le Comhairle Contae an Chláir lena chinntiú go mbainfear an tairbhe is mó agus is féidir as an bplean.