Gort
Daonra: 2,870 (Daonáireamh 2022)
Is baile margaidh é Gort in iarthar na hÉireann, i ndeisceart Chontae na Gaillimhe. Tá an baile suite tuairim is 32 ciliméadar ar an dtaobh theas den Ghaillimh agus é 64 ciliméadar ó thuaidh ó Luimneach ar Chonair Gheilleagrach an Atlantaigh. Tá Gort nasctha leis an Mótarbhealach M6 as Gaillimh go Baile Átha Cliath. Tá stáisiún traenach i lár an bhaile óna bhfuil traenacha ag dul go laethúil go Gaillimh agus go Luimneach mar chuid de Chonair Iarnróid an Iarthair. Níl Aerfort na Sionainne ach thart ar 40 nóiméad sa charr ón mbaile. Is áisiúil an suíomh atá ag Gort agus é i gcóngar an chuid is mó de na bailte móra agus na háiteanna is díol spéise do thurasóirí i gContae na Gaillimhe agus i gContae an Chláir.
Pleananna & Foilseacháin
Tá stair shaibhir ag Gort ó thaobh na hailtireachta de ag dul siar na céadta bliain go dtí an am ar bunaíodh é san 18ú haois. Tá feidhm thábhachtach mhiondíola, oideachasúil agus seirbhísí ag Gort do cheantar máguaird a shíneann isteach i gContae an Chláir. I lár an bhaile agus ina chroílár tráchtála, tá deiseanna fostaíochta nach beag le tapú. Is iomaí cine atá ag cur fúthu i nGort agus is eachtrannaigh iad breis agus trian de mhuintir an bhaile.
Is mór an áis an turasóireacht do Ghort agus níos mó brabaigh le baint aisti amach anseo ach bearta áirithe a dhéanamh. I measc na dtaitneamhachtaí turasóireachta móra in aice láithreach tá Páirc na Cúile, Túr Bhaile Uí Laoigh agus Lonnaíocht Manach Chill Mhic Dhuach. Téann a chóngaraí is atá sé don Bhoirinn chun sochair do Ghort chomh maith. Tá Gort suite laistigh den Chroíthailte Ceilte na hÉireann, bealach turasóireachta a bhfuil tarraingt mhór air agus é lán de thírdhreacha méithe atá breac le bailte tuaithe. Tá sé i gceist go mbeidh Gort ina cheann scríbe ar an Rotharbhealach as Gaillimh go Baile Átha Luain atá á chur ar bun faoi láthair agus lucht a dhéanta ag súil go meallfaidh sé níos mó cuairteoirí chun na háite.
Sainaithnítear sa Phlean Thús Áite do Lár an Bhaile tograí buntábhachtacha i leith teacht i dtír ar bhuanna Ghort agus na deiseanna atá le tapú ann chun fás inbhuanaithe a chothú ann amach anseo. Is é an pobal áitiúil an tsócmhainn is mó atá ag an nGort agus trí oibriú chun an Plean Thús Áite do Lár an Bhaile seo a sheachadadh, is féidir na cuspóirí atá aitheanta ag muintir an Ghoirt a bhaint amach.
Aithníonn Plean Thús Áite do Lár an Bhaile príomh-mholtaí d’fhás inbhuanaithe amach anseo trí láidreachtaí agus deiseanna an Ghoirt a aithint. Sainíonn sé fíorfhéidearthachtaí agus seachadann sé straitéis shoiléir a fhágann gur áit níos fearr fós é an Gort le maireachtáil, le hoibriú, le staidéar agus le cuairt a thabhairt air, anois agus do na glúnta atá le teacht. Tá Foireann an Bhaile ag tnúth le bheith ag obair i gcomhpháirtíocht leis an bpobal, le Comhairle Contae na Gaillimhe, agus le páirtithe leasmhara eile chun cabhrú leis na moltaí atá leagtha amach sa Phlean seo a sheachadadh.