Ros Cré

Daonra: 5,542 (Daonáireamh 2022)

Is baile margaidh é Ros Cré i dTiobraid Árann Thuaidh, atá suite i Réigiún an Mheán-Iarthair 71 km taobh thiar de Luimneach san iarthar agus 122 km taobh thoir de Bhaile Átha Cliath. Tá Ros Cré ar cheann de na bailte is sine in Éirinn agus léirítear a thábhacht stairiúil le mainistir ón 7ú haois, ardeaglais ón 12ú haois, Caisleán Normannach ón 13ú haois agus Teach Damer a tógadh in 1720, de réir mar a thosaigh Ros Cré ag teach chun cinn mar bhaile margaidh.

Pleananna & Foilseacháin

Is é a radharc tíre ceann de na buanna is mó atá i Ros Cré. Ón taobh geografach de, tá sé suite i ngleann idir Sliabh Bladhma agus Bearnán Éile agus feidhmíonn sé mar gheata intíre chuig Réigiún na Sionainne. Ar shráid an Chaisleáin tá Caisleán Ros Cré agus tá rochtain ar theach agus gairdíní Damer. Sráid leathan atá inti, agus carachtar maorga sráid chathartha aici. Tá éadain shiopa stairiúla i gCearnóg Rósmhuire ar aghaidh spás oscailte, agus is cuid de Limistéar Caomhantais Ailtireachta í, mar atá amhlaidh i gcás na Príomhshráide agus Cearnóg an Mhargaidh.

Tá líon páirceanna gnó seirbhísithe i Ros Cré agus, i measc na bhfostóirí níos mó, áirítear próiseáil feoil, táirgeadh bia, tithe altranais agus miondíol. Fágann dhá thraein stáisiún traenach Ros Cré in aghaidh an lae ar an iarnród idir Luimneach agus Baile Uí Bhróithe, agus filleann ar an lá céanna. I measc áiseanna glasa an bhaile tá gairdíní Teach Damer agus Páirc na Gléibe, ar páirc phoiblí í le háit súgartha.

Ceann de phríomhaidhmeanna na Foirne Baile agus iad i mbun fhorbairt an plean Lár Bailte ar dTús a chinntiú go raibh a mhéid agus is féidir comhairliúcháin phoiblí ann. Baineadh é sin trí amach trí rannpháirtíocht fhorleathan leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara, agus tacaíocht á tabhairt di ag an bhFoireann baile agus ag Comhairle Contae Thiobraid Árann agus iad ag féachaint le plean a sheachadadh a dhéanfaidh lár bhaile Ros Cré a athbheoú agus a athghiniúint.

Bainfidh Ros Cré úsáid faoin bplean seo as na buntáistí atá aige – muintir na háite, na foirgnimh, an infreastruchtúr agus an timpeallacht nádúrtha – chun baile margaidh a chruthú a bheidh idir bhríomhar agus rathúil.