Baile na nGallóglach

Daonra: 1,076 (Daonáireamh 2022)

Is baile margaidh beag seanbhunaithe é Baile na nGallóglach atá suite i gceantar na Maoile Rua i dtuaisceart Dhún na nGall.  Is mór a théann a shuíomh chun tairbhe dó agus é suite thart ar 20km ar an dtaobh thuaidh de Leitir Ceanainn agus is iomaí cineál seirbhís, fostaíocht, agus áiseanna atá le fáil sa mhórionad seo.  Tá sé suite i gcóngar roinnt taitneamhachtaí turasóireachta réigiúnacha amhail Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, Cionn agus Teach Solais Fhánada atá suite ar bhealach do thurasóirí a bhfuil tarraingt mhór air, “Slí an Atlantaigh Fhiáin”, taitneamhachtaí amhail An Cosán Cholmcille, Bá na Maoile Rua agus an taobh tíre tarraingteach mórthimpeall sin.

Pleananna & Foilseacháin

Bhíodh feidhmeanna ag Baile na nGallóglach mar mhargadh talmhaíochta san am fadó ach bhog na feidhmeanna sin go himeall an bhaile le blianta beaga anuas. Feidhmíonn croílár an bhaile mar ionad seirbhísí anois do na daoine atá ag cur fúthu laistigh de theorainn an bhaile níos leithne agus den cheantar tuaithe máguaird, daoine ag triall ar na hionaid mhiondíola, riaracháin, phobail, sláinte agus oideachais atá lonnaithe ann.

Tá rian láidir fós, agus é tarraingteach go maith, de phatrún lonnaíochta ó i bhfad siar ar lár an bhaile. Is iomaí foirgneamh simplí ach tarraingteach ó ré caite atá fós le feiceáil ar an bPríomhshráid.

Leagtar amach sa Phlean Thús Áite do Lár an Bhaile fís straitéiseach do Bhaile na nGallóglach agus sainaithnítear ann téamaí agus cuspóirí le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin, na riachtanais agus na deiseanna a tháinig chun cinn ón bplé mór a rinneadh le pobal Bhaile na nGallóglach agus le Comhairle Contae Dhún na nGall.