Baile Coimín
Daonra: 5,611 (Daonáireamh 2022)
Tá Baile Coimín suite i lár Shléibhte Chill Mhantáin in iarthuaisceart Chontae Chill Mhantáin agus é buailte ar Thaiscumar Pholl an Phúca, nó Loch Bhaile Coimín mar a thugtar air chomh maith. Tá sé ar an teorainn idir Cill Mhantáin agus Cill Dara agus isteach is amach le 30km ó dheas de Bhaile Átha Cliath agus 12km soir ón Nás.
Pleananna & Foilseacháin
Baile tarraingteach atá ann ina mbíodh margaí san am a caitheadh. Mar atá amhlaidh le go leor de bhailte na hÉireann, d’fhorbair an baile go líneach feadh an phríomhbhóthair, an bóthair náisiúnta N81. Tá fianaise ann go bhfuil an duine daonna anseo ón gCré-Umhaois agus áitítear gur ón 15ú haois ar aghaidh a tosaíodh ar fhorbairt Bhaile Coimín mar atá eolas againn inniu air. Bronnadh cairt ar an Ardeaspag Michael Boyle baile Bhaile Coimín a thosú in 1667, agus thart ar an uair sin a tosaíodh ar thógáil agus ar fhorbairt Teach agus Eastát Bhaile Coimín.
Tá Cearnóg an Mhargaidh suite i lár an bhaile, áit a bhfuil Séadchomhartha Downshire agus Teach an Mhargaidh (a tógadh idir 1820 agus 1840) agus a bhfuil an Comhar Creidmheasa lonnaithe anois ann. Tugann Cearnóg an Mhargaidh (an Chearnóg) tréithe an bhaile margaidh do Bhaile Coimín, ar gné shuntasach í sin maidir le hoidhreacht an cheantair a phoibliú agus a chothú. Tá Baile Coimín suite chomh maith laistigh de cheantar níos leithne ina bhfuil sár-áilleacht nádúrtha, agus tá roinnt sainghnéithe tábhachtacha sa chomharsanacht atá faoi chosaint.
Bhí ról lárnach ag an bhFoireann Baile i bhforbairt an phlean Lár Bailte ar dTús seo do Bhaile Coimín. Forbraíodh na deiseanna atá molta laistigh den Phlean Gníomhaithe mar fhreagra ar ar tháinig chun solais sa Chlár Comhoibritheach Seiceála Sláinte Lár Bailte (CTCHC) agus trí chomhairliúchán leathan. Is é an pobal áitiúil a chuir an próiseas cinnteoireachta chun cinn. Tá an creat atá curtha ar fáil ag an bplean seo fadtéarmach ach solúbtha, agus beidh sé in ann tacú le riachtanais phobal Bhaile Coimín de réir mar a athraíonn siad, agus táthar ag súil go spreagfaidh sé ré nua don bhaile.