Cill Ala

Daonra: 587 (Daonáireamh 2022)

Is baile pictiúrtha cois farraige é Cill Ala atá suite i dtuaisceart Mhaigh Eo agus ina bhfuil daonra de thart ar 587. Creidtear gur bunaíodh Cill Ala sa 5ú hAois agus go bhfuil stair láidir eaglasta agus baint leis. Tá stair mhuirí láidir ag Cill Ala freisin, agus é ar an bpríomhchalafort sa réigiún tráth. Tá radhairc lánléargais uaidh ar an gcuan agus tá tréithe sainiúla bailedhreacha aige ina bhfuil foirgnimh shuaitheanta iontacha ina shainghné, agus ina measc sin tá an Cloigtheach, Ardeaglais Phádraig (Eaglais na hÉireann), Ard-Eaglais Chaitliceach Phádraig agus roinnt foirgnimh muilinn cloch gearrtha a léiríonn a stair thráchtála.

Pleananna & Foilseacháin

Tá an baile suite ar an mbealach réigiúnach R314 lena nasctar Béal an Átha le Baile an Chaisil. Tá an pointe is airde sa bhaile suite i gceantar an Chloigthigh agus agus an talamh ag claonadh soir i dtreo Chuan Chill Ala. Sa lá atá inniu ann soláthraíonn Cill Ala seirbhísí beaga tráchtála áitiúla agus ionad tionsclaíochta don chúlchríoch.

Tá baile Chill Ala achar gairid de bhóthar réigiúnach ar an R314 ar shiúl ón gcéad bhaile mór eile, Béal an Átha, agus níos faide i gcéin Aerfort Idirnáisiúnta Iarthar na hÉireann.  Tá an baile contae níos mó, Caisleán an Bharraigh, uair an chloig ó dheas agus tá Baile Shligigh uair an chloig de bhóthar soir. Tá an baile suite i gcuan foscúil Chill Ala ag béal na Muaidhe agus soláthraíonn sé suíomh straitéiseach agus tairseach chuig an Aigéan Atlantach. Tá clú agus cáil ar an Muaidh féin as iascaireacht bradán.

Tá topagrafaíocht shainiúil i gCill Ala ina bhfuil meascán de cheantair chósta feadh Chuan Chill Ala, inbhear atá cruthaithe ag an Muaidh, talamh feirme torthúil, agus ingearchlónna measartha.

Is é is aidhm don Phlean Tús Áite do Lár an Bhaile seo baile Chill Ala a athrú ó bhonn agus a athnuachan, ag tógáil ar na struchtúir phobail den scoth atá ann le breis agus 50 bliain.  Cuimsítear sa phlean mianta agus riachtanais an phobail agus glacann sé cur chuige ón mbun aníos i leith forbairt polasaí. Le torthaí an phróisis sin, socrófar tosaíochtaí, treorófar na moltaí agus an plean gníomhaíochta maidir le tionscadail a sheachadadh.