An Móta

Daonra: 3013 (Daonáireamh 2022)

Tá an Móta suite i gContae na hIarmhí thiar theas, 12km soir ó Bhaile Átha Luain agus 33km ó dheas den Mhuileann gCearr. Tá an Móta ainmnithe mar Bhaile Fáis Féinchothabhálach sa Chroí-straitéis agus tá fócas eacnamaíoch tábhachtach aige, mar sin, agus feidhmeanna miondíola, cónaitheacha, seirbhíse agus taitneamachta á gcomhlíonadh aige dá chúlchríocha tuaithe áitiúla.

Pleananna & Foilseacháin

Má táthar chun an acmhainn fáis atá ag an Móta mar Bhaile Fáis Féinchothabhálach a réadú, beidh sé den riachtanas go gcothófar deiseanna athghiniúna, go gcuirfear chun cinn fostaíocht áitiúil tríd an earnáil turasóireachta a fhorbairt agus trí sheirbhísí breise a chur ar fáil chun riachtanais mhuintir na háite agus cuairteoirí araon a chomhlíonadh. Tabharfar faoi bhearta chomh maith chun cur leis an ríocht phoiblí agus le carachtar stairiúil na lonnaíochta seo trí chomhfhorbairt áite dhearfach agus trí idirghabhálacha atá faoi stiúir ag plean.

Bhíodh ‘cáil’ ar an Móta san am a caitheadh sa mhéid is gur caolas tráchta é ar an bpríomhbhóthar idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh (R446), ach tá laghdú suntasach tagtha ar an méid tráchta ar an bPríomhshráid i ngeall ar oscailt an mhótarbhealaigh M6 a théann timpeall ar an mbaile ó dheas. Bhí tionchar mór aige sin ar an Móta agus tá deis ann dá bharr an tsráid agus na spásanna poiblí reatha a shainmhíniú an athuair agus na seanfhoirgnimh stairiúla agus an ríocht phoiblí laistigh de chroí an bhaile a fheabhsú.

Tá an Móta éagsúil ó bhailte agus sráidbhailte eile atá ar an scála céanna sa mhéid is go bhfuil oidhreacht thógtha uathúil aige, idir foirgnimh iarnróid stairiúla agus infreastruchtúr. Bíodh is gur sna meánaoiseanna a tógadh an chéad bhaile agus go bhfuil a rian siúd ar charachtar agus ar phatrún na forbartha, tá tionchar fágtha ag lonnaíocht stairiúil Chumann na gCarad ar ailtireacht an bhaile. Tá dhá limistéar ar leith a bhfuil carachtar ailtireachta an Mhóta le braistint iontu, an Phríomhshráid agus an Baile Nua, agus tá na foirmeacha tógtha suaithinseacha atá iontu faoi chosaint trí ainmniúchán a bheith faighte acu mar Limistéir Caomhantais Ailtireachta (ACA).

Bíodh is go dtugann oidhreacht thógtha an Mhóta carachtar uathúil don bhaile, ní mór gabháil thar an gcaomhnú ann féin agus féachaint d’fhás sóisialta agus eacnamaíoch an Mhóta sa todhchaí. Beifear in ann turasóirí a mhealladh sa todhchaí i bhfianaise an Móta a bheith suite díreach 12km ó Bhaile Átha Luain agus ar an gcuid sin den Ghlasbhealach a dtugtar an ‘Old Rail Trail’ air, ar cuid den líonra náisiúnta rothaíochta (NCN) idir Gaillimh agus Baile Átha Cliath é. Cuireann an t-infreastruchtúr náisiúnta fóillíochta seo mar aon le caomhnú na seanfhoirgneamh agus droichid iarnróid go mór le tarraingteacht agus le hacmhainn soch-eacnamaíoch an Mhóta agus is deis uathúil é mar atá aitheanta i bPlean Forbartha Chontae na hIarmhí 2021 – 2027.