Ráth Domhnaigh
Daonra: 1,368 (Daonáireamh 2022)
Is baile beag é Ráth Domhnaigh le carachtar tarraingteach traidisiúnta atá suite sa chúinne thiar theas de Co. Laoise timpeall 30km ó Phort Laoise idir mótarbhealaí an M7 agus an M8. Tá lonnaíocht Ráth Domhnaigh ann ón 9ú haois ar a laghad agus tá sé dírithe ar phointe trasnaithe fo-abhann den Oircín, a bhí ina gné thábhachtach dá fhorbairt stairiúil.
Pleananna & Foilseacháin
Soláthraíonn an baile raon seirbhísí agus áiseanna do dhaonra na cúlchríche máguaird. Is fócas é d’idirghníomhú sóisialta agus eacnamaíoch in iardheisceart an chontae agus tugann sé naisc le lonnaíochtaí níos lú sa cheantar, amhail Eiréil, Domhnach Mór agus níos faide i gcéin. Taobh amuigh de chroílár tráchtála an Bhaile tá roinnt úsáidí tábhachtacha sóisialta agus pobail amhail an dá scoil áitiúla, Ionad Sláinte, leabharlann, ionad pobail agus roinnt áiseanna sóisialta agus reiligiúnacha.
Is í talmhaíocht an príomhthionscal sa réigiún mórthimpeall agus is cuid thábhachtach í de gheilleagar agus de charachtar an bhaile. Tháinig rath ar thionsclaíocht ar an mBaile nuair a forbraíodh grúdlann, a théann siar go dtí an teaghlach Perry in 1800, rud a bhí ceannaithe sa deireadh ag Irish Ale Breweries agus a dúnadh in 1967. Cheannaigh Lyons Meats suíomh na grúdlainne agus athraíodh é go saoráid próiseála feola ar a dtugtar Dawn Meats anois, an fostóir is mó laistigh de Ráth Domhnaigh.
Chabhraigh rannpháirtíocht fhairsing leis an bpobal, lena n-áirítear clinicí pobail buail isteach, suirbhéanna gnó agus pobail ar líne, ceardlanna óige agus comhairliúcháin le príomhpháirtithe leasmhara straitéiseacha chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt Phlean Thús Áite do Lár an Bhaile ag Foireann an Bhaile. Tugann an plean deis do Ráth Domhnaigh leas a bhaint as a phríomh-láidreachtaí agus buntáistí amhail a thimpeallacht pictiúrtha agus cáilíocht na beatha chun athghiniúint lár an bhaile a bhrú chun cinn mar áit iontach chun cur fút ann, chun oibriú ann agus chun cuairt a thabhairt air.