Coill an Chollaigh
Daonra: 2,974 (Daonáireamh 2022)
Is baile margaidh é Coill an Chollaigh in Oirthear an Chabháin atá suite timpeall 32km ó Bhaile an Chabháin agus 92km ó Chathair Bhaile Átha Cliath. Is féidir bunús an bhaile a rianú siar go dtí ré na bplandálaithe. Is de thairbhe a shuímh straitéisigh ar an mbealach réigiúnach ó Dhún Dealgan go Cabhán agus ar an mbealach thuaidh theas a d’fhorbair an baile mar bhaile margaidh.
Pleananna & Foilseacháin
Chuaigh topagrafaíocht na háite go mór i bhfeidhm ar leagan amach an Bhaile agus ní fhéadfadh duine gan suntas a thabhairt do Loch an Bhaile in oirthear an bhaile. Tá borradh tagtha faoin dhaonra Choill an Chollaigh le 20 bliain anuas agus sainaithníodh é i bPlean Forbartha Chontae an Chabháin 2022 – 2028 mar Bhaile Féinchothaithe i nOrdlathas Lonnaíochta an Chontae. Tá croílár láidir dlúth ag Coill an Chollaigh faoi láthair agus pátrún sráide ann cheana féin a oireann do bhreis forbartha a dhéanamh air. Is i gcroílár an bhaile a fhaightear an fheidhm mhiondíola agus sheirbhíse go príomha agus aon fhorbraíocht mhór amháin ann ar imeall chroílár an bhaile. Tá roinnt soláthraithe fostaíochta lonnaithe i mbaile Choill an Chollaigh agus Ionad Gnó Choill an Chollaigh ann le cabhrú le fiontraíocht áitiúil a chothú sa cheantar.
Tá Coill an Chollaigh suite ar cheann de na suíomh is mó airde in Éirinn. Tá roinnt lochanna fíoráille ar na gaobhair agus é de mhianach ann éirí ina bhaile turasóireachta. Suite ar imeall an bhaile tá Diméin Foraoise Loch an Chaisleáin agus cuireadh conairí, comharthaíocht agus carrchlós nua isteach ann le blianta beaga anuas. Chuathas i mbun mol pobail a fhorbairt le déanaí chomh maith le hionad eolais turasóireachta i dTeach Cúirte Choill an Chollaigh a mbeidh tarraingt mhór ag cuairteoirí air.
Is iad muintir Choill an Chollaigh a chuir bonn eolais faoin bPlean Thús Áite do Lár an Bhaile agus is iadsan a stiúir é ar mhaithe le muintir Choill an Chollaigh trí phobal na háite agus trí pháirtithe leasmhara a spreagadh chun páirt a ghlacadh ann. Leagtar treochlár amach ann i leith an baile a fhorbairt ar bhealach atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de agus ina mbainfear leas as tionscadail indéanta chun an bealach a réiteach do Choill an Chollaigh a athnuachan agus a athfhorbairt do na daoine atá ann faoi láthair agus do na glúnta atá le teacht.
Déanann Grúpa Náisiúnta Maoirseachta agus Comhairleach (NOAG) monatóireacht agus treoir ar sheachadadh an Chéad Bheartais i Lár an Bhaile.
Áirítear ar an ngrúpa ionadaithe ó Fháilte Éireann, an tÚdarás Náisiúnta Iompair, An Ghníomhaireacht Tithíochta, Líonra Forbartha Áitiúil na hÉireann, An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Líonra na nOifigeach Fiontair Áitiúil, Ionadaithe Foirne Baile agus Bailte Slachtmhara.