Ros Mhic Thriúin

Daonra: 8,610 (Daonáireamh 2022)

Is iad na Normannaigh a bhunaigh Ros Mhic Thriúin in iardheisceart Loch Garman 800 bliain ó shin agus tá níos mó ná 8,000 duine ina gcónaí ann, rud a fhágann gur baile meánmhéide i gcomhthéacs na hÉireann é. Tá Ros Mhic Thriúin suite ar thaobh cnoic agus é ag dul le fána síos chuig abhainn na Rois. Tá stair an bhaile fite fuaite lena topagrafaíocht ardaithe agus lena straitéisí atá an suíomh a bhfuil sé suite air, agus sainghné de charachtar agus féiniúlacht an bhaile is ea é. D’fhorbair sé mar chalafort tábhachtach intíre agus mar bhaile múrtha Angla-Normannach i ngeall ar na buntáistí a thug an abhainn dó, agus is iomaí foirgneamh agus áiteanna stairiúla atá ann, rud a fhágann go bhfuil carachtar faoi leith aige. Tá an cósta i ngaireacht don bhaile, mar aon le siúlóidí lúibe agus tír-raon cnoc agus aibhneacha, agus tá braistint láidir pobail agus oidhreachta ann. Is ar thrácht na habhann a bhí geilleagar Ros Mhic Thriúin bunaithe go traidisiúnta, ach tá laghdú mór tagtha air sin le blianta anuas.

Pleananna & Foilseacháin

Fágann méid na trádála agus tionsclaíochta a bhí ann san am a caitheadh go bhfuil céatadán mór den fhórsa oibre fostaithe i dtrádálacha na Próiseála, an Innealra, an Mheaisínre agus sna trádálacha Oilte. Ionad tábhachtach seirbhísí dá chúlchríoch is ea Ros Mhic Thriúin agus tá sé tagtha chun cinn le blianta beaga anuas mar mhol turasóireachta chomh maith.

Tá trí shnáithe oidhreachta i gceist le Ros Mhic Thriúin, a luathstair Normannach, an eisimirce agus stair an chalafoirt. Luaitear an baile do thurasóirí chun críche margaíochta i gcomhthéacs Oirthear Ársa na hÉireann, agus bítear ag obair as lámha a chéile leis na bailte móra eile sa réigiún, lena n-áirítear Inis Corthaidh, Port Láirge agus Cill Chainnigh.

Buntáiste mór don bhaile is ea an nasc stairiúil le Meiriceá Thuaidh, agus dhá ghné de sin is ea Crannlann JFK agus Scoil Samhraidh Kennedy a bhíonn ar siúl gach bliain. Tá roinnt forbairtí turasóireachta suntasacha ar na bacáin, agus san áireamh leo sin tá Ionad Oidhreachta Normannach agus nasc le Glasbhealach an Oirdheiscirt nuair a chuirfear leis.

D’fhéadfaidís sin geilleagar an bhaile a athrú ó bhun. Chuaigh foireann baile Ros Mhic Thriúin, a bhfuil ionadaíocht á déanamh aici ar na páirtithe leasmhara, i gcomhar leis an Oifigeach Athghiniúna Baile agus an Údarás Áitiúil chun an plean Lár Bailte ar dTús a chur i dtoll a chéile. Tá sé mar aidhm ag an bplean aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sóisialta, cultúrtha, eacnamaíocha agus comhshaoil d’fhorbairt an bhaile.

Seo a leanas na téamaí a tháinig chun cinn i rith an phróisis sin: An Comhshaol, Oidhreacht, an Geilleagar, Comhfhorbairt Áite & Gluaiseacht, an Pobal Áitiúil agus Turasóireacht. Tá idir fhís, threoir deartha, chomhairle agus threoir sa phlean Lár Bailte ar dTús agus feidhmeoidh sé mar dhoiciméad tagartha úsáideach d’fhorbairt Ros Mhic Thriúin sa todhchaí.